Bíobla Naomhtha 1817
|
| 1 |
| Ata mo chroidhe ollamh, a Dhé; canfad agus bhearad psalm eadhon rem ghlóir. |
| 2 |
| Múscail, a chláirseach agus a shitirn: múisceoluidh misi ar maidin. |
| 3 |
| Molfa mé thú, a measg na ndaóine, a THIGHEARNA: canfad salm dhuitsi a measg na gcineadhach. |
| 4 |
| Oír is mór do thrócaire ós cionn na neamh: agus thfírinne go nuige na spéirighe. |
| 5 |
| Bí ar hárdughadh, ós cionn na neamh a Dhé: agus ós cionn na talmhan uile do ghlóir; |
| 6 |
| Chum go sáorthaói háos grádha: sáor le do láimh dheis, agus freagair mé. |
| 7 |
| Do labhair Día iona náomhthachd; do dhéanad lúathgháire, roinnfiod Sechem, agus toimheosad gleann Sucot. |
| 8 |
| Is líomsa Gílead, agus is leam Manasseh; agus is é Ephraim mar an gceadna neart mo chinn; is é Iúdah do bheir mo dhligheadh úadh; |
| 9 |
| Moab mo phota ionnlaith; teilgfiod mo bhróg tar Edom; agus do dhéanad caithréim ós cionn Phalestina. |
| 10 |
| Cía bhéaras mé go cathraigh an dídin? cía thréorochus mé go Hédom? |
| 11 |
| Nach déana tusa, a Dhe, noch do theilg uáit sinn? agus nach racha tú amach, a Dhé, lé ar slúaghaibh? |
| 12 |
| Tabhair cabhair dhúinn ó bhuáidhreadh: óir is díomhaóin furtachd an duine. |
| 13 |
| A Ndía do dheanam gaisge: agus sailteoruidh seision síos ar naimhde. |
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish1817/psalms/108.mp3
150
108