×

Bíobla Naomhtha 1817

Salm 109

1
O a Dhé mo mholta, ná bí ad thocht;
2
Oír atá béul a nurchóidigh agus béul na gangaide foscuilte am aghaidh: labhruid síad am aghaidh le teangaidh bhréagach.
3
Agus ré bríathraibh fúathmhara do ghabhadar am thimchioll mar an gceadna; agus cathuighid am aghaidh gan adhbhar.
4
Ar son mo ghrádha atáid na neascáirde agam: agus misi ag urnaigh.
5
Agus do thoirbhriodar dhamh olc a naghaidh maitheasa, agus fúath ar son mo ghrádha.
6
Suighidhse an ciontach ós a chionn: agus seasadh Sátan air a láimh dheis.
7
A nuáir bheirthior breath air, damnuighthear é: agus iompoighthear a urnaigh a bpeacadh.
8
Go madh gann a laéthe, agus gabhadh duine oile a oifig.
9
Bíodh a chlann na ndílleachdaibh, agus a bhean na baintreabhaigh.
10
Agus biodh a chlann ar seachrán do ghnáth, agus ag íarruidh déirce: agus íarruid mar an gceadna as a náitibh uáigneacha.
11
Glacadh fear na bhfíach an mhéid atá aige; agus creachaidís coigcrichidh a sháothar.
12
Ná bíodh ann duine do shínfeadh oineach chuige: agus na bíodh áon do thaisbeanadh trócaire dá chloinn gan athair.
13
Géarrthar a shliocht úadh; agus a nginealach oile scriostar amach a ainm.
14
Bíodh peacuidhe a aithreadh ar cuimhne ag an TTIGHEARNA; agus ná scriostar amach cionta a mhathar.
15
Bídís do lathair an TIGHEARNA do ghnáth, go ngearra sé amach a ccuimhne don talamh.
16
Do bhrígh nár chuimhnigh sé cinéul dfoillsiughadh, achd go ndéarna ainleanmhuin air an duine bochd mbúaidheartha, ionnus go muirfeadh sé an duine tuirseach a ccroidhe.
17
Mar do ghradhuigh sé easgaine, agus tigeadh si air: mar nach raibh dúil aige a mbeannughadh, bíodh sin a bhfad úadh.
18
Mar déaduigh sé é féin le heasgaine mar a chulaidh, imthigheadh sin mar uisge a steach iona mheadhón, agus mar ola ann a chnamhuibh.
19
Bíodh sin aige mar a néadach lé a bhfoluigheann é féin, agus mar chrios lé a ccriosluigheann é féin do ghnáth.
20
Go má hé so luáidheacht measccarrad ón TIGHEARNA, agus na druinge noch labhrus olc a naghaidh manma.
21
Acht tusa a Dhía mo THIGHEARNA, oibrigh leamsa ar son hanma: do bhrígh gur maith do throcaire, sáor mé.
22
Oir is buáidheartha easbhuidheach mé, agus atá mo chroidhe créachdnuighthe ionnam a stigh.
23
Atáim ar nimtheacht mar an scáile an tan chláonas: atáim ar mo chrothadh as mar an lócust.
24
Atáid mo ghlúine lag tre throsgadh; agus atá mfeóil trúagh gan mhéathus.
25
Agus atáim am scannail doibhsion: a nuáir do chíd mé croithid a gceann.
26
Tárthaigh mé, a THIGHEARNA mo Dhía: sáor mé do réir do thrócaire.
27
Ionnus go mbía a fhios aca gur bí so do lámhsa; gur tusa, a THIGHEARNA, do rinne é.
28
Mailluighdíssion, achd beannuighsi: a nuáir éirghid, claóidhtior iad; acht déanadh do sheirbhíseachsa lúathgháire.
29
Eaduighthear measccáirde lé náire, agus foluighdís íad féin re cláois, mar budh le falluing.
30
Molfa mé an TIGHEARNA lem bhéul go mór; agus a measg iomad daóine mholfas me é.
31
Oír seasfuidh sé ar láimh dheis a nuireasbhuigh, dá sháoradh úathasan noch do dhaimneochadh a anam.
Irish Bible 1817
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817. Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)
:
Sábháil Nótaí