×

Bíobla Naofa 1981

Salm 110

1
Salm Dháiví. D' fhoilsigh an Tiarna do mo thiarnasa: «Bí i do shuí ar mo dheis go gcuirfidh mé do naimhde mar stól faoi do chosa.» Salm 109
2
Sínfidh an Tiarna ríshlat do chumhachta as Síón amach. Bí ag rialú i measc do naimhde.
3
Is leatsa an ceannas ó lá do bhreithe ar na sléibhte naofa; is leat [an ríogacht ó fhíorthús d' óige].
4
Mhionnaigh an Tiarna, ní bheidh aithreachas air: «Is sagart tú go brách de réir ord Mheilcizidic.»
5
Tá an Tiarna ina sheasamh ar do dheis; déanfaidh sé smionagar de ríthe lá na feirge.
6
Tabharfaidh sé breithiúnas ar na náisiúin, déanfaidh sé carn de chonablaigh; brisfidh sé cinn urra go fada fairsing.
7
Ólfaidh sé as an sruth cois bóthair; agus dá bhrí sin tógfaidh sé a cheann.
Irish Bible 1981
An Sagart 1981 Úsáidtear le cead
:
Sábháil Nótaí