Bíobla Naofa 1981
|
| 1 |
| Salm Aibítreach Salm 111 |
| 2 |
| Beidh a shliocht siúd go tréan ar talamh; is beannaithe clann an duine ionraic. |
| 3 |
| Beidh maoin is maitheas ina theaghlach; mairfidh a fhíréantacht go brách is choíche. |
| 4 |
| Bíonn ina sholas sa dorchacht don dea-dhuine; is trócaireach é, is fial, is ionraic. |
| 5 |
| Bíonn an dea-dhuine carthanach fial lena chuid; riarann sé a ghnó go ceart onórach. |
| 6 |
| Ní chorrófar an fíréan choíche; mairfidh a chuimhne go brách na breithe. |
| 7 |
| Ní chuirfidh drochscéala eagla air; is daingean a chroí, is é an Tiarna a dhóchas. |
| 8 |
| Is dílis daingean a chroí gan eagla; feicfidh sé a naimhde á dtreascairt. |
| 9 |
| Dáileann sé a chuid go fial ar lucht an ghátair; maireann a fhéile go brách agus choíche. Tógfar a cheann, ardófar a chumhacht go glórmhar. |
| 10 |
| Feicfidh an peacach agus beidh sé ar buile. Bainfidh sé dioscán as a fhiacla agus leáfaidh sé; agus meathfaidh mian an urchóidigh. |
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish/psalms/112.mp3
150
112