Bíobla Naofa 1981
|
| 1 |
| Ní dúinne, a Thiarna, ní dúinne, ach do d' ainmse is dleacht an moladh as ucht do bhuanghrá agus d' fhírinne. Salm 113B |
| 2 |
| Cad fáth a ndeir na ciníocha «Cá bhfuil a nDia?» |
| 3 |
| Is ar neamh atá ár nDiana; gach uile ní is áil leis, déanann sé é. |
| 4 |
| Ór agus airgead a n-íolasan, agus saothar láimhe an duine. |
| 5 |
| Tá béal acu ach ní fhéadann siad labhairt; tá súile acu ach ní fheiceann siad dada. |
| 6 |
| Tá cluasa orthu ach ní chluineann siad dada; tá sróna acu ach ní bhfaigheann siad boladh. |
| 7 |
| Tá lámha acu ach ní láimhsíonn siad aon ní; tá cosa acu ach ní thig leo siúl; ní thagann aon ghlór óna scornach. |
| 8 |
| Is ionann cás do lucht a ndéanta agus do chách a chuireann a ndóchas iontu. |
| 9 |
| Tá dóchas chlann Iosrael sa Tiarna; is é is cabhair agus is sciath dóibh. |
| 10 |
| Tá dóchas chlann Árón sa Tiarna is é is cabhair agus is sciath dóibh. |
| 11 |
| Cuireann lucht eagla an Tiarna a ndóchas ann; is é is cabhair agus is sciath dóibh. |
| 12 |
| Is cuimhin leis an Tiarna sinn; beannóidh sé sinn; beannóidh sé clann Iosrael agus clann Árón. |
| 13 |
| Beannóidh sé lucht eagla an Tiarna, idir mhion agus mhór in éineacht. |
| 14 |
| Méadóidh an Tiarna i gcónaí sibh, sibhse agus bhur gclann go léir. |
| 15 |
| Go raibh beannacht an Tiarna anuas oraibh ón té a rinne neamh agus talamh. |
| 16 |
| Is leis an Tiarna amháin na flaithis; ach thug sé an talamh don duine. |
| 17 |
| Ní hiad na mairbh a thabharfaidh moladh don Tiarna, ná an drong a ghabhann síos san uaigh. |
| 18 |
| Ach tabharfaimidne moladh don Tiarna, anois agus go brách na breithe. |
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish/psalms/115.mp3
150
115