×

Bíobla Naofa 1981

Salm 116

1
A Salm 114-115
2
toisc gur chrom sé chugam a chluas, nuair a ghaireas air.
3
Bhí dola an bháis i mo thimpeall, agus pianpháis na huaighe; casadh anró agus anacair i mo threo.
4
Ghlaoigh mé ar ainm an Tiarna. «A Thiarna, fóir ar m' anam!»
5
Is ceansa an Tiarna agus is cóir; is trócaireach é ár nDia.
6
Caomhnaíonn sé an dream gan chealg; bhí mé ar lár agus shaor sé mé.
7
Glac do shuaimhneas arís, a anam liom, mar roinn an Tiarna go maith leat.
8
Óir sciob sé m' anam ón mbás, agus mo shúile ó dheora, agus mo chosa ó thuisliú.
9
Beidh mé ag siúl i láthair an Tiarna; i bhfearann na mbeo.
10
Bhí muinín agam fiú amháin nuair a dúirt mé: «Tá mé buartha go mór.»
11
Nuair a dúirt mé le corp eagla: «Is bréagach gach aon neach.»
12
Cén cúiteamh a dhéanfaidh mé leis an Tiarna ina ndearna sé dom?
13
Glacfaidh mé cupán an tslánaithe, gairfidh mé ainm an Tiarna.
14
Díolfaidh mé mo mhóideanna leis an Tiarna i bhfianaise a phobail.
15
Is luachmhar i láthair an Tiarna bás a fhíréan.
16
Is mise do ghiolla, a Thiarna, sea, is mac do chailín aimsire; scaoil tú mo chuibhreacha.
17
Ofrálfaidh mé íobairt an bhuíochais duit; gairfidh mé ainm an Tiarna.
18
Díolfaidh mé mo mhóideanna leis an Tiarna i bhfianaise a phobail,
19
i gcúirteanna áras an Tiarna i gceartlár Iarúsailéim.
Irish Bible 1981
An Sagart 1981 Úsáidtear le cead
:
Sábháil Nótaí