×

Bíobla Naofa 1981

Salm 12

1
1 Do stiúrthóir an chóir. Ar chláirseach na n-ocht dtéad. Salm Dháiví. 2 Fóir orm, a Thiarna, óir níl fíréan le fáil, tá an fhírinne ar iarraidh i measc na hÁdhamhchlainne. Salm 11
2
3 Insíonn gach aon duine bréaga dá chomharsa le beola bladair is le croí calaoiseach.
3
4 Go dteasca an Tiarna gach aon bhéal bréagach, gach teanga a bhíonn ag maíomh go sotalach díomasach;
4
5 gach dream a deir: «Inár dteanga atá ár neart, linn féin ár mbéal, cé a dhéanfaidh ár smachtú?»
5
6 «Toisc dearóile na ndealbh agus osnaíl na mbocht éireoidh mé féin anois,» arsa an Tiarna. «Tabharfaidh mé dóibh an slánú is mian leo.»
6
7 Briathra glana iad briathra an Tiarna, airgead athleáite a scar le slaidhreadh, airgead a triaileadh is a glanadh faoi sheacht.
7
8a Is tú a Thiarna, a dhéanfaidh cúram dínn: déanfaidh tú ár gcosaint ar an nglúin seo go brách.
8
8b Tá triall na n-éagráifeach inár dtimpeall do gach leith agus daoscar na ndaoine faoi mheas ag clann Ádhaimh.
Irish Bible 1981
An Sagart 1981 Úsáidtear le cead
:
Sábháil Nótaí