Bíobla Naofa 1981
|
| 1 |
| Amhrán Oilithreach. Le Dáiví. Murach an Tiarna a bheith inár leith; abradh Iosrael anois: Salm 123 |
| 2 |
| Murach an Tiarna a bheith inár leith, nuair a tugadh fúinn, |
| 3 |
| is amhlaidh a shlogfaí beo beathach sinn. Nuair a bhladhmfadh a mbuile inár n-aghaidh, |
| 4 |
| d' éireodh an díle os ár gcionn, agus shlogfadh an tuile sinn. |
| 5 |
| Sea, scuabfadh na tonnta chun siúil sinn, go ndéanfadh ár mbá. |
| 6 |
| Moladh leis an Tiarna nár thug sinn inár gcreach dá bhfiacla. |
| 7 |
| Sciobadh ár n-anam amhail éan as líon na bhfoghlaeirí. Go deimhin, briseadh an líon; agus d' imíomar slan. |
| 8 |
| Tá ár gcúnamh in ainm an Tiarna a rinne neamh agus talamh. |
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish/psalms/124.mp3
150
124