×

Bíobla Naomhtha 1817

Salm 128

1
Is beannuighe gach áon air a bhfuil eagla an TIGHEARNA; noch shiobhlas iona shlighthibh.
2
Oír íosfa tú sáothar do lámh féin: biáidh tú sona, agus rachaidh go maith dhuit.
3
Biáidh do bhean cosmhuil ris an bhfíneamhuin thoruigh ar tháobhuibh do thighe: do chlann cosmhuil le planntoighibh chroinn na hola a ttimthioll do bhóird.
4
Féuch, gur marso bhías an duine beannuigh air a bhfuil eagla an TIGHEARNA.
5
Beinneochuidh an TIGHEARNA thú as Síon: agus do chífidh tú maith Ierusalem uile láethe do bheatha.
6
Agus do chífe tú chlann do chloinne, agus síothcháin ar Israel.
Irish Bible 1817
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817. Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)
:
Sábháil Nótaí