×

Bíobla Naofa 1981

Salm 129

1
Amhrán Oilithreach. Is minic a crádh mé ó m' óige; abradh Iosrael anois: Salm 128
2
Is minic a crádh mé ó m' óige, ach ní dhearnadh mo threascairt.
3
Bhí fir chéachta ag réabhadh ar mo dhroim; rinne siad a gclaiseanna fada.
4
Ach ghearr an Tiarna fíréanta cordaí na n-éagráifeach.
5
An dream ar fuath leo Síón, go gcuirtear ar gcúl iad faoi náire.
6
Gura cosúil iad le féar ar dhíon tí, a sheargann sula sceitheann sé;
7
nach líonann an buanaí a lámh leis, ná an fear ceangail a bhrollach.
8
Agus nach ndéarfaidh lucht taistil na slí «Bail ó Dhia ar an obair! Beannaímid sibh in ainm an Tiarna; anois agus choíche!»
Irish Bible 1981
An Sagart 1981 Úsáidtear le cead
:
Sábháil Nótaí