|
| 1 |
|
| Alleluia. Tugaigí buíochas don Tiarna toisc gur maith é, agus go maireann a bhuanghrá go brách. Salm 135 |
|
| 2 |
|
| Tugaigí buíochas do Dhia na ndéithe, óir maireann a bhuanghrá go brách. |
|
| 3 |
|
| Tugaigí buíochas do Thiarna na dtiarnaí, óir maireann a bhuanghrá go brách. |
|
| 4 |
|
| Is é an t-aon neach amháin é a dhéanann móréachtaí, óir maireann a bhuanghrá go brách. |
|
| 5 |
|
| Rinne sé na flaithis le feabhas a eagna, óir maireann a bhuanghrá go brách. |
|
| 6 |
|
| Rinne sé an talamh a leathadh ar na huiscí, óir maireann a bhuanghrá go brách. |
|
| 7 |
|
| Eisean a rinne na soilse móra, óir maireann a bhuanghrá go brách. |
|
| 8 |
|
| Chuir sé an ghrian i gceannas an lae, óir maireann a bhuanghrá go brách; |
|
| 9 |
|
| an ré is na réaltaí i gceannas na hoíche, óir maireann a bhuanghrá go brách. |
|
| 10 |
|
| Bhuail sé céadghin na nÉigipteach, óir maireann a bhuanghrá go brách. |
|
| 11 |
|
| Agus threoraigh sé Iosrael as a measc, óir maireann a bhuanghrá go brách. |
|
| 12 |
|
| Le cumhacht a láimhe agus neart a chuisle, óir maireann a bhuanghrá go brách. |
|
| 13 |
|
| Roinn sé an Mhuir Rua ina dhá cuid, óir maireann a bhuanghrá go brách. |
|
| 14 |
|
| Agus thug ar Iosrael siúl anonn trína lár, óir maireann a bhuanghrá go brách. |
|
| 15 |
|
| Threascair sé Forann agus a shlua sa mhuir, óir maireann a bhuanghrá go brách; |
|
| 16 |
|
| agus sheol a phobal tríd an bhfásach, óir maireann a bhuanghrá go brách. |
|
| 17 |
|
| Bhuail sé na ríthe móra, óir maireann a bhuanghrá go brách; |
|
| 18 |
|
| agus mharaigh sé na ríthe cumhachtacha, óir maireann a bhuanghrá go brách; |
|
| 19 |
|
| Síochon, rí na nAmórach, óir maireann a bhuanghrá go brách; |
|
| 20 |
|
| agus Óg a bhí ina rí ar Bháiseán, óir maireann a bhuanghrá go brách. |
|
| 21 |
|
| Agus thug sé a bhfearann mar oidhreacht, óir maireann a bhuanghrá go brách; |
|
| 22 |
|
| mar oidhreacht do Iosrael a sheirbhíseach, óir maireann a bhuanghrá go brách. |
|
| 23 |
|
| Chuimhnigh sé orainn nuair a bhíomar dár mbuaireamh, óir maireann a bhuanghrá go brách. |
|
| 24 |
|
| Agus rinne sé ár bhfuascailt ónár naimhde, óir maireann a bhuanghrá go brách. |
|
| 25 |
|
| Bronnann sé bia ar a maireann sa cholainn, óir maireann a bhuanghrá go brách. |
|
| 26 |
|
| Gabhaigí buíochas le Dia na bhflaitheas, óir maireann a bhuanghrá go brách. |
|
|
|
|