Bíobla Naofa 1981
|
| 1 |
| Cois sruthanna na Bablóine a shuíomar ag sileadh deor, ag cuimhneamh dúinn ar Shíón. Salm 136 |
| 2 |
| Ar shaileoga na tíre sin chrochamar ár gcruiteanna. |
| 3 |
| Óir an drong a rinne bránna dínn, d' iarr siad amhráin orainn, agus an drong a bhíodh dár gciapadh, d' iarr siad lúcháir orainn: «Scaoiligí chugainn,» a deiridís, «amhrán d' amhráin Shíón.» |
| 4 |
| Conas a chanfaimis amhrán an Tiarna i dtír na gcoimhthíoch? |
| 5 |
| Má dhéanaim dearmad ort, a Iarúsailéim, go gcrapa mo dheaslámh! |
| 6 |
| Go gceanglaí mo theanga de mo charball, mura gcuimhním ort, mura gcuire mé Iarúsailéim mar bharr m' aoibhnis uile. |
| 7 |
| Cuimhnigh, a Thiarna, in aghaidh chlann Eadóm, lá treascartha Iarúsailéim, nuair a dúirt siad: «Scriosaigí í, scriosaigí í; leagaigí go talamh í.» |
| 8 |
| A iníon na Bablóine, nach tú an scriosaire! Is méanar don té a dhíolfaidh leatsa na dochair a d' imir tú orainne |
| 9 |
| an té a bhéarfaidh ar do leanaí á mbascadh in éadan na carraige! |
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish/psalms/137.mp3
150
137