Bíobla Naofa 1981
|
| 1 |
| Do stiúrthóir an chóir. [Salm le] Dáiví. Deir an t-amadán ina chroí: «Níl aon Dia ann.» Tá siad truaillithe: déanann siad gníomhartha gránna; níl aon duine maith ann. Salm 13 |
| 2 |
| Breathnaíonn an Tiarna ó neamh ar chlann na ndaoine go bhfeice sé an bhfuil tuiscint ag aon duine nó an iarrfaidh sé Dia. |
| 3 |
| Chuaigh siad uile ar seachrán; truaillíodh iad uile, níl neach ann a dhéanann an mhaith: níl oiread is duine. |
| 4 |
| An ea nach bhfuil ciall ag lucht an oilc? Slogann siad mo phobal go díreach mar a shlogfaí arán. Níor ghlaoigh siad ar an Tiarna. |
| 5 |
| Beidh an dream sin ar crith le heagla, óir tá Dia leis an bhfíréan. |
| 6 |
| Ba mhian libh dóchas an bhochtáin a mhilleadh, ach is é an Tiarna a dhídean. |
| 7 |
| Á, go dtaga slánú Iosrael as Síón amach! Nuair a chasfaidh an Tiarna an rath ar a phobal, beidh áthas ar Iacób agus gairdeas ar Iosrael. |
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish/psalms/014.mp3
150
14