Bíobla Naofa 1981
|
| 1 |
| 1 Do stiúrthóir an chóir. Salm le Dáiví. 2 Fuascail mé a Thiarna, ón drochdhuine; cosain mé ar fhear an fhoréigin, Salm 139 |
| 2 |
| 3 ar lucht beartaithe an oilc ina gcroí, a mbíonn aighneas á mhúscailt de shíor acu. |
| 3 |
| 4 Cuireann siad faobhar ar a dteanga mar nathair; agus bíonn nimh na nathrach faoina mbeola. |
| 4 |
| 5 Tarrthaigh mé ó láimh an urchóidigh, a Thiarna; cosain mé ar fhear an fhoréigin; is mian leo barrthuisle a bhaint asam. |
| 5 |
| 6 Chuir na díomasaigh gaiste i bhfolach romham; leath siad líon agus téada romham; chuir siad súil ribe romham sa tslí. Selah |
| 6 |
| 7 Deirim leis an Tiarna: «Mo Dhia thú!» Éist, a Thiarna, le glór mo ghuí. |
| 7 |
| 8 A Thiarna Dia, is tú mo chabhair chumhachtach; cumhdaíonn tú mo cheann lá an chatha. |
| 8 |
| 9 Ná géill, a Thiarna, do mhianta na n-urchóideach; nár éirí lena mírúin mhailíseacha. Selah |
| 9 |
| 10 Tógann an drong atá thart timpeall orm a gceann; go dtreascraí mailís a mbruas féin iad. |
| 10 |
| 11 Go bhfeara sé sméaróidí dearga orthu anuas; go gcaithe sé isteach i bpoll talún iad, i dtreo is nach n-éirí siad arís. |
| 11 |
| 12 Ní bheidh an rath ar fhear na drochtheanga; tiocfaidh an tubaiste ar fhear an fhoréigin. |
| 12 |
| 13 Is eol dom go ndéanfaidh an Tiarna, ceart is cóir don duine bocht ' s don duine dealbh. |
| 13 |
| 14 Tabharfaidh na fíréin buíochas do d' ainm; agus mairfidh lucht an ionracais i do láthair. |
|
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish/psalms/140.mp3
150
140