×

Bíobla Naomhtha 1817

Salm 140

1
Saor mé, a THIGHEARNA, ón drochdhuine: ó fhior a nfoiréigin coimhéad mé;
2
Noch smuáinios urchóid a gcroidhe; cruinnighid ar feadh an laói a gceann a chéile chum cogaidh.
3
Do ghéaruigheadar a tteangtha amhuil naithir nimhe; atá nimh naithreach iona mbéul. Selah.
4
Coimhéad mé, a THIGHEARNA, ó lámhaibh na cciontach; dídin mé ó fhior a nfoiréigin; noch shaóilios mo choiscéime do chlaóidh.
5
Dfoluigheadar na huáibhrigh an paintéar am choinne, agus corduighe; do shíneadar líon ré taobh na slígheadh: do chuireadar innle am choinne. Selah.
6
A dubhairt mé ris an TTIGHEARNA, Is tusa mo Dhía: cluin a THIGHEARNA, guth mathchuingheadh.
7
A THIGHEARNA a Dhé, neart mo shlánuighthe, dfholuigh tú mo cheann a ló an chatha.
8
Ná deónuidh, a THIGHEARNA, míana na gciontach: agus ná críochnuigh a ndroch tionnsgnamh; go nach áirdeochuid íad féin. Selah.
9
Ar son cheann ndaóine noch thimchiollas mé fá gcuáirt, folchadh tubaisde a mbéil féin íad.
10
Tuiteadh orra sméaróidighe ar na lasadh: teilgthear annsa teine íad; a bpollaibh doimhne, iondus nach néirghid aris.
11
Ná daingnithior fear dhrochtheangtha ar talamh: fear a nfoiréigin do dhéana urchaid sealgidh air chum a dhíbeartha.
12
Is aithne dhamh go ndéana an TIGHEARNA ceart don bhuáidhearthach, agus breitheamhnus do nuireasbhuidheach.
13
Go deimhin molfa an firéun hainm: biáidh an ceart na chomhnuidhe ar haghaidh.
Irish Bible 1817
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817. Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)
:
Sábháil Nótaí