Bíobla Naofa 1981
|
| 1 |
| 1 Mascil Dháiví nuair a bhí sé san uaimh. Urnaí. 2 Glaoim os ard ar an Tiarna; achainím os ard ar an Tiarna. Salm 141 |
| 2 |
| 3 Déanaim mo ghearán go dian ina fhianaise; agus nochtaim m' anacra ina láthair. |
| 3 |
| 4 Nuair a bhí mo spiorad á chloí istigh ionam, b' eol duit féin mo shlí. Sa tslí ina bhfuil mo shiúl cuireadh gaiste i bhfolach romham. |
| 4 |
| 5 Breathnaím ar mo dheis agus feicim nach bhfuil neach ann a dhéanfadh cúram díom. Níl bealach éalaithe agam; ní chuireann aon neach spéis i m' anam. |
| 5 |
| 6 Is ort a ghlaoim, a Thiarna; deirim: «Is tú mo dhídean; a bhfuil agam i dtír na mbeo.» |
| 6 |
| 7 Éist, dá bhrí sin, le mo ghlao; óir tá mé i gcorrach na haimiléise. Fuascail mé ó lucht mo ghéarleanúna, óir is treise iad siúd ná mé. |
| 7 |
| 8 Seol mé amach as an gcarcair seo chun go dtabharfaidh mé buíochas do d' ainm. Tionólfaidh na fíréin i mo thimpeall toisc go roinnfidh tú go flaithiúil fial liom. |
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish/psalms/142.mp3
150
142