|
| 1 |
|
| Go madh beannuigh an TIGHEARNA mo charruic, noch mhúinios mo lámha chum catha, mo mhéir chum cogaidh. |
|
| 2 |
|
| Mo thrócaire, agus mo dhaingionn; mo dhídion, agus mfear sáortha, mo sgiath, agus an té ann a gcuirim mo dhóigh; noch umhluighios mo dhaóine fúm. |
|
| 3 |
|
| A THIGHEARNA, cred é an duine, as a mbeirionn tú aithne air! mac an duine, as a ttugann tú meas air! |
|
| 4 |
|
| Is cosmhuil an duine le díomhaoinios; atáid a láethe mar scáile ag dul seacha. |
|
| 5 |
|
| A THIGHEARNA, cláon do fhlaithis, agus tárr a núas: bain ris na sléibhtibh, agus do dhéanaid deatach. |
|
| 6 |
|
| Teilg uáit amach tinnteach, agus spréidh íad: cuir uáit amach do shoighde, agus claóidh íad. |
|
| 7 |
|
| Cuir uáit do lámh ó a núas; sáor mé, agus tárthaigh mé ó na huisgeadhuibh móra, ó láimh na cloinne coigcríghe; |
|
| 8 |
|
| Noch a labhraid a mbéil díomhaóinios, agus a lámh deas gur lámh deas bhréige í. |
|
| 9 |
|
| O a Dhé, canfa mé caintic núadh dhuit: air an tsailmchéolach agus air instrument deith ttéad chanfas mé sailm dhuit. |
|
| 10 |
|
| An té do bheir slánughadh do ríghthibh: an te thárthuighios Dáibhi a sheirbhíseach ó chloidhiomh a nuilc: |
|
| 11 |
|
| Tárthuigh, agus sáor mé ó láimh ccloinne an choimhthighidh, noch a labhrann a mbéul díomhaoineas, agus a lámh dheas gur lámh dheas bhréige í: |
|
| 12 |
|
| Ionnus go rabhaid ar mic mar plannduighe móra ag fás iona nóige; ar ningheana mar clocha cuinne ar na ngearradh, do réir chosamhlacht pháláis: |
|
| 13 |
|
| Ar sgiobóil lán, ag tabhairt a nuile chinéul stóir úatha; ar dtréada ag breith mílte agus deich mílte ionar sráidibh: |
|
| 14 |
|
| Ar ndaimh ladir chum oibrighe; gan briseadh a steach, ná dul amach; ná gearán ann ar sráidibh. |
|
| 15 |
|
| Is sona na daóine, atá annsa riochdsa: as sona na daóine, gha bhfuil an TIGHEARNA na Dhía aca. |
|
|
|
|