×

Bíobla Naofa 1981

Salm 145

1
Salm Aibítreach Salm 144
2
Molfaidh mé thú in aghaidh an lae; agus molfaidh mé d' ainm trí shaol na saol.
3
Is mór an Tiarna agus is inmholta thar cuimse é; ní féidir a mhórgacht a mhionransú.
4
Fógrófar d' oibreacha ó ghlúin go glúin agus foilseofar do chumhacht mar an gcéanna.
5
Déanfar trácht ar mhórghlóir do mhaorgachta; agus inseofar d' éachtaí iontacha.
6
Labhrófar faoi do bhearta uafásacha; beifear ag caint faoi do chumhacht is do chumas.
7
Cuimhneofar ar líonmhaireacht do mhaitheasa; agus déanfar d' fhíréantacht a chanadh go háthasach.
8
Is cineálta an Tiarna agus is trócaireach, mall chun feirge, agus lán de thrua.
9
Is grámhar an Tiarna le gach aon neach; tá trua aige do gach dúil dá ndearna sé.
10
Ceiliúrfaidh d' oibreacha uile thú, a Thiarna; agus beannóidh do dhaoine dílse thú.
11
Canfaidh siad glóir-réim do ríochta; agus foilseoidh siad uile do chumhacht,
12
ionas go nochtfar do chumhacht do dhaoine agus niamhracht agus glóir-réim do ríochta.
13
Mairfidh do ríochtsa feadh saol na saol, agus do cheannas go brách na breithe. Is dílis an Tiarna ina bhriathra uile; agus is naofa é ina oibreacha go léir.
14
Tacaíonn an Tiarna lena mbíonn ag titim; agus tógann sé an dream a bhíonn ar lár.
15
Bíonn súile gach aon dúile ag feitheamh ortsa; agus tugann tú bia dóibh in am trátha.
16
Osclaíonn tú do lámh go fialmhar; agus sásaíonn tú a bhfuil beo le do chineáltas.
17
Is fíréanta é an Tiarna ina shlite uile; agus is naofa é ina oibreacha go léir.
18
Is gairid é an Tiarna dá ngaireann air, dá ngaireann air go fírinneach ó chroí.
19
Déanann sé toil an dreama lenarb eagal é; éisteann sé lena n-éamh agus fóireann orthu.
20
Coimeádann an Tiarna gach duine a thugann grá dó; ach scriosfaidh sé na hurchóidigh go léir.
21
Go gcana mo bhéal moladh an Tiarna agus go mbeannaí gach aon neach a ainm naofa; go brách agus go síoraí suthain.
Irish Bible 1981
An Sagart 1981 Úsáidtear le cead
:
Sábháil Nótaí