×

Bíobla Naofa 1981

Salm 147

1
ucht Atógáil Iarúsailéim Alleluia. Molaigí an Tiarna toisc gur maith é; canaigí Salm dár nDia toisc gur grámhar é; is dósan is dual ár moladh. Salm 146-7
2
Tá an Tiarna ag atógáil Iarúsailéim; tá sé ag bailiú díbeartaigh Iosrael le chéile.
3
Leigheasann sé lucht an chroí bhriste; agus déanann a gcréachtaí a cheangal.
4
Socraíonn sé líon na réaltaí; ainmníonn sé ina gceann is ina gceann iad.
5
Is mór é ár nDia agus is mór é a neart; níl teorainn ar bith lena eagna.
6
Ardaíonn an Tiarna na daoine ísle; agus leagann sé ar lár na hurchóidigh.
7
Canaigí don Tiarna le buíochas; seinnigí moladh ar an gcruit dár nDia,
8
an té a chlúdaíonn na spéartha le néalta; agus a thugann an fhearthainn don talamh. Cuireann sé an féar ag fás ar na sléibhte; agus luibheanna chun fónamh don duine.
9
Tugann sé a gcuid do na beithígh; agus beathaíonn gearrcaigh na bhfiach nuair a ghlaonn siad air.
10
Ní hé neart an eich is aoibhinn leis; ná ní hiad cosa an duine is taitneamhach leis.
11
Tugann an Tiarna taitneamh do lucht a eaglaithe; don dream ar muinín leo a thrócaire.
12
Tabhair moladh don Tiarna, a Iarúsailéim; tabhair moladh do do Dhia, a Shíón.
13
Óir dhaingnigh sé sparraí do dhoirse; agus bheannaigh sé do chlann atá istigh ionat.
14
Rinne sé síocháin i do chríocha; agus tugann do sháith de phlúr na cruithneachta duit.
15
Cuireann sé a aithne ag triall ar an talamh; agus gluaiseann a bhriathar go lántapaidh.
16
Scaipeann sé sneachta amhail olann; croitheann sé cuisne amhail luaithreach.
17
Leathann sé a leac oighir ina blúirí; cé a fhéadann a fhuacht a fhulaingt?
18
Cuireann sé a bhriathar uaidh á leá; agus a ghaoth a choscairt an tsneachta.
19
D' fhoilsigh sé a bhriathar do Iacób; a reachtanna agus a fhoraitheanta d' Iosrael.
20
Ní dhearna sé amhlaidh d' aon chine eile; níor nocht sé a reachtanna dóibh.
Irish Bible 1981
An Sagart 1981 Úsáidtear le cead
:
Sábháil Nótaí