×

Bíobla Naofa 1981

Salm 15

1
Salm le Dáiví. A Thiarna, cé dhéanfaidh cónaí i do bhoth? Cé lonnóidh ar do shliabh naofa? Salm 14
2
An té a shiúlann gan cháim; an té a dhéanann fíréantacht agus a labhraíonn go díreach óna chroí;
3
an té nach ndéanann tromaíocht lena theanga; an té nach ndéanann olc dá chomharsa is nach dtugann masla don duine thall;
4
an té ar beag aige an drochdhuine agus ar mór aige lucht eagla an Tiarna; an té nach ngabhann siar ar a bhriathar bíodh gur mhionnaigh chun a dhochair féin;
5
nach gcuireann a chuid airgid ar úsaireacht, ' s nach nglacann le breab in aghaidh an neamhchiontaigh. An té a dhéanfaidh amhlaidh ní bhainfear dá threoir é go brách.
Irish Bible 1981
An Sagart 1981 Úsáidtear le cead
:
Sábháil Nótaí