Bíobla Naofa 1981
|
| 1 |
| Alleluia. Molaigí Dia ina ionad naofa! Molaigí é i bhfirmimint a chumhachta! |
| 2 |
| Molaigí é as ucht a éachtaí! Molaigí é as ucht a chumhachta ollmhóire! |
| 3 |
| Molaigí é le séideadh an stoic! Molaigí é leis an gcruit agus leis an gcláirseach! |
| 4 |
| Molaigí é le teampán is le rince! Molaigí é le téada ceoil is leis an bpíb! |
| 5 |
| Molaigí é le clagarnach na gciombal! Molaigí é le ciombail chlingíneacha! |
| 6 |
| An uile dhúil bheo dá bhfuil ann, moladh sé an Tiarna! Alleluia. |
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish/psalms/150.mp3
150
150