Bíobla Naofa 1981
|
| 1 |
| Urnaí Dháiví. Éist le cúis chóir, a Thiarna; tabhair aird ar mo ghlór; tabhair cluas do m' urnaí nach dtagann as béal bréagach. Salm 16 |
| 2 |
| Gurab uaitse a gheobhaidh mé breithiúnas; feiceann tusa an fhírinne. |
| 3 |
| Cuardaigh mo chroí, tabhair cuairt orm san oíche, déan mo thástáil le tine agus ní bhfaighidh tú coir ionam. |
| 4 |
| Níor pheacaigh mo bhéal de réir nós an duine; sheachnaigh mé an foréigean de réir bhriathra do bhéil. |
| 5 |
| Ghreamaigh mo chéimeanna go daingean de do shlite, ní dheachaigh mo chosa ar fán ná ar fuaidreamh. |
| 6 |
| Gairim ort, a Dhia, agus tabharfaidh tú freagra orm: claon do chluas agus éist le mo bhriathar. |
| 7 |
| Taispeáin dom do bhuanghrá ró-iontach, a Thiarna, a shaorann a dtriallann ort le neart do dheasláimhe. |
| 8 |
| Déan mo chosaint mar mhac imreasan do shúile; folaigh mé faoi scáth do sciathán |
| 9 |
| ar na peacaigh a imríonn éigean orm. Tá mo naimhde i mo thimpeall go feargach fraochta; |
| 10 |
| a ndúrchroí dunta, a mbéal ag déanamh mórtais. |
| 11 |
| Éiríonn siad i m' éadan, bailíonn siad i mo thimpeall, táid ag faire na faille d' fhonn mé a leagan ar lántalamh. |
| 12 |
| Is cosúil iad le leoin ar thóir a gcreiche, le coileáin leoin i bhfolach sa dorchacht. |
| 13 |
| Éirigh ina n-aghaidh, á dtreascairt, a Thiarna; saor m' anam ón éagráifeach le faobhar do chlaímh. |
| 14 |
| Go saora do lámh mé, a Thiarna, ó dhaoine a bhfuil mian a gcroí i nithe an tsaoil seo. Líonann tú a mbolg as do líonmhaireacht go mbíonn díol a sáithe ag a gclann, agus go bhfágann siad fuíoll ag a leanaí. |
| 15 |
| Feicfidh mise, áfach, do aghaidh i bhfíréantacht, agus ag dúiseacht dom sásófar mé le radharc do ghnúise. |
|
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish/psalms/017.mp3
150
17