×

Bíobla Naofa 1981

Salm 19

1
1 Do stiúrthóir an chóir. Salm le Dáiví.
2
3 Insíonn na laethanta an scéal dá chéile agus tugann na hoícheannta an t-eolas dá chéile.
3
4 Ní chluintear caint ná canúint ná briathar
4
5 cé go ngabhann a nglór i ngach uile thír agus a bhfocail go críocha imchiana na cruinne. Is iontu a chuir sé a bhoth don ghrian
5
6 a thagann mar nuachar amach as a sheomra ag gairdiú mar ghaiscíoch ag cur chun reatha.
6
7 Tá a thriall amach as teorainn na spéire agus a iomchuairt thart chun na teorann eile, agus níl dul óna theas ag aon ní ar bith.
7
8 Tá dlí an Tiarna gan cháim: athbheonn sé an t-anam. Is iontaofa í fianaise an Tiarna, a thugann eagna don fhíréan.
8
9 Is díreach iad forálacha an Tiarna: cuirid áthas ar an gcroí; is glan í aithne an Tiarna, soilsíonn sí na súile.
9
10 Is íon í eagla an Tiarna, maireann sí go deo; is fíor iad reachtanna an Tiarna, táid uile go cóir.
10
11 Is mó is so-mhianaithe iad ná ór, ná mínór dá ghlaine; agus is milse iad ná mil, ná mil ar sileadh ón gcíor.
11
12 Múineann siad eolas do do ghiolla; is cúis luaíochta a gcomhlíonadh.
12
13 Cé a fhéadfaidh a earráidí a aithint? ná leag orm mo pheacaí folaigh.
13
14 Caomhnaigh do ghiolla ar an uabhar sula bhfaighe sé mo bhua; Ansin is ea a bheidh mé gan smál agus saor ó thrompheaca.
14
15 Go raibh briathra uile mo bhéil agus smaointe mo chroí taitneamhach leatsa, a Thiarna, a charraig liom, is a shlánaitheoir.
Irish Bible 1981
An Sagart 1981 Úsáidtear le cead
:
Sábháil Nótaí