×

Bíobla Naofa 1981

Salm 2

1
Cad fáth a bhfuil na ciníocha á suaitheadh agus na náisiúin ag beartú gan éifeacht?
2
Éiríonn ríthe na cruinne, agus déanann na flatha comhcheilg le chéile in éadan an Tiarna agus a ungthaigh:
3
«Réabaimis ó chéile a gcuibhreacha agus caithimis uainn a ngeimhle!»
4
An té atá ar neamh, déanann sé gáire: déanann an Tiarna díol magaidh díobh.
5
Labhraíonn sé ansin leo go feargach; cuireann scéin agus sceimhle orthu le corp cuthaigh:
6
«Chuir mise mo rí féin i réimeas ar Shíón, ar mo shliabh naofa.»
7
Foilseoidh mé reacht an Tiarna. «Is tú mo mhac,» a dúirt an Tiarna liom, «inniu is ea a ghin mé thú.
8
Iarr orm agus tiomnóidh mé na ciníocha duit agus críocha na cruinne mar oidhreacht duit.
9
Déanfaidh tú iad a bhriseadh le slat iarainn; brisfidh tú ina mbloghanna iad amhail soitheach cré.»
10
Bígí críonna, dá bhrí sin, a ríthe; aire chugaibh! a rialtóirí na cruinne.
11
11a Déanaigí fónamh don Tiarna le heagla agus tugaigí ómós dó go creathnach,
12
11b sula gcuirfí fearg air, is go dtéadh sibh ar ceal nuair a bhladhmfaidh a fhearg go tobann. Is aoibhinn dá gcuireann a ndóchas ann.
Irish Bible 1981
An Sagart 1981 Úsáidtear le cead
:
Sábháil Nótaí