Bíobla Naofa 1981
|
| 1 |
| Le Dáiví. Is chugat a thógaim m' anam, a Thiarna: Salm 24 |
| 2 |
| Is ionat a chuirim mo dhóchas, nár dhéantar mo náiriú, a Dhia; ná maíodh mo naimhde a mbua orm. |
| 3 |
| Ní náireofar a gcuireann a ndóchas ionat ach an dream a fheallann gan ábhar ar iontaoibh. |
| 4 |
| Taispeáin do shlite dom, a Thiarna, agus déan do chosáin a mhúineadh dom. |
| 5 |
| Déan mo threorú i d' fhírinne, tabhair teagasc dom, óir is tú mo Dhia agus mo shlánaitheoir. Is ortsa a bhím ag feitheamh feadh an lae ABN: 5., 7c, 6, 7a, 7b, 8 |
| 6 |
| Bí ag cuimhneamh, a Thiarna, ar do thrócaire agus ar an ngrá a thaispeáin tú riamh. |
| 7 |
| 7a Ná cuimhnigh ar chionta m' óige 7b ach amháin ar do bhuanghrá féin. 7c mar gheall ar do chineáltas, a Thiarna. |
| 8 |
| Is grásmhar agus is ionraic é an Tiarna, taispeánann sé an tslí do na peacaigh. |
| 9 |
| Díríonn sé dream na huirísle san fhíréantacht agus múineann a shlí don duine cneasta. |
| 10 |
| Buanghrá is dílse cosáin uile an Tiarna dá gcomhlíonann a chonradh agus a aithne. |
| 11 |
| Ar mhaithe le d' ainmse, a Thiarna, maith dom mo pheaca, óir is mór é. |
| 12 |
| Cé hé an fear lenarb eagal an Tiarna? Déanfaidh sé eolas na slí is tofa dó. |
| 13 |
| Mairfidh a anam faoi shéan agus faoi shonas agus gheobhaidh a shliocht an talamh. |
| 14 |
| Tá gean an Tiarna ar lucht a eaglaithe agus is dóibh a fhoilsíonn sé a chonradh. |
| 15 |
| Bíonn mo shúile ar an Tiarna de shíor óir scaoilfidh seisean mo chosa as an líon. |
| 16 |
| Iompaigh i leith orm le trócaire, óir táimse i m' aonarán angarach. |
| 17 |
| Tabhair faoiseamh don chroí atá cráite agus beir mé slán ón anacair. |
| 18 |
| Tabhair do d' aire mo bhrón is mo bhuairt agus maith dom mo pheacaí go léir. |
| 19 |
| Féach a líonmhaire atá mo naimhde, a bhfuil fuath thar fóir acu dom. |
| 20 |
| Déan m' anam a chosaint, agus fuascail mé; nár náirítear mé toisc mo thriall a bheith ort. |
| 21 |
| Go gcumhdaí an neamhurchóid is an t-ionracas mé, óir is ionat atá mo dhóchas, a Thiarna. |
| 22 |
| A Dhia, saor Iosrael ar a chúngaigh go léir! |
|
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish/psalms/025.mp3
150
25