×

Bíobla Naofa 1981

Salm 26

1
Le Dáiví. Tabhair breithiúnas ar mo shon, a Thiarna, óir shiúil mé ar shlí an ionracais, agus bhí mo dhóchas sa Tiarna gan staonadh. Salm 25
2
Déan mo phromhadh, a Thiarna, agus mo thástáil; scrúdaigh m' áranna agus mo chroí;
3
Óir bíonn do bhuanghrá os comhair mo shúl, agus bím ag siúl de réir d' fhírinne.
4
Ní bhím i bhfochair lucht éithigh ná ní ghabhaim i gcomhluadar na gcluanairí.
5
Is gráin liom tionól na n-urchóideach, agus ní shuím i bhfarradh na n-éagráifeach.
6
Ním mo lámha san ionracas, a Thiarna, agus gabhaim mórthimpeall d' altóra.
7
Bíonn altú buíochais á chanadh agam, agus d' éachtaí go léir á n-aithris agam.
8
Thug mé taitneamh, a Thiarna, do d' áras, don áit a gcónaíonn do ghlóir.
9
Ná sciob mé chun siúil leis na peacaigh ná m' anam le lucht doirte fola;
10
Is dream iad a mbíonn an urchóid ina lámha acu, agus is lomlán a ndeaslámh de bhreabanna.
11
Ach caithimse mo shaol go hionraic: fuascail mé agus nocht dom do thrócaire.
12
Tá mo chosa ina seasamh ar an réidh; molfaidh mé an Tiarna sna tionóil.
Irish Bible 1981
An Sagart 1981 Úsáidtear le cead
:
Sábháil Nótaí