×

Bíobla Naofa 1981

Salm 28

1
Le Dáiví. Ortsa, a Thiarna, a screadaim, éist liom, a charraig. Mura n-éisteann tú beidh mé mar dhuine a ghabhann síos san uaigh. Salm 27
2
Éist le glór mo ghuí is mé ag éamh ort a iarraidh do chúnaimh, ' s mé ag tógáil mo lámh chugat, a Thiarna, i dtreo do shanctóra naofa.
3
Ná sciob mé i bhfochair na bpeacach i bhfarradh na n-urchóideach a labhraíonn go cneasta lena gcomharsana agus an t-olc ina gcroí.
4
Tabhair díolaíocht dóibh de réir a ngníomhartha agus mioscais a n-ainbheart. Tabhair luach saothair dóibh de réir obair a lámh: déan an comhar a dhíol leo.
5
Óir is beag acu gníomhartha an Tiarna agus saothar a lámh. Go mille sé iad, is nár thóga sé arís iad.
6
Moladh leis an Tiarna toisc gur éist sé le glór mo ghuí.
7
Is é an Tiarna mo neart agus mo sciath: tá dóchas mo chroí ann. Tugadh cabhair dom; gairdíonn mo chroí agus canaim amhrán dó.
8
Is é an Tiarna neart a phobail, is é dídean shábháilte a ungthaigh é.
9
Fóir ar do phobal, tabhair beannacht do d' oidhreacht, á gcothú agus á n-iompar go brách.
Irish Bible 1981
An Sagart 1981 Úsáidtear le cead
:
Sábháil Nótaí