Bíobla Naofa 1981
|
| 1 |
| Salm le Dáiví Tugaigí don Tiarna, a chlann mhac Dé, tugaigí don Tiarna glóir agus cumhacht! Salm 28 |
| 2 |
| Tugaigí don Tiarna an ghlóir is díol dá ainm; tugaigí adhradh don Tiarna in éide naofa. |
| 3 |
| Tá glór an Tiarna ar an uisce, tá Dia na glóire ag toirneach, tá an Tiarna os cionn na n-uiscí móra. |
| 4 |
| Tá glór an Tiarna go cumasach, tá glór an Tiarna go maorga. |
| 5 |
| Briseann glór an Tiarna na céadrais, briseann sé céadrais na Liobáine. |
| 6 |
| Cuireann sé an Liobáin ag léim ar nós gamhna agus Sirión ar nós ógdhaimh allta. |
| 7 |
| Adhnann glór an Tiarna splancacha tine: |
| 8 |
| croitheann glór an Tiarna an fásach, cuireann an Tiarna fásach Cháidéis ar crith. |
| 9 |
| Cuireann a ghlór na crainn darach ag luascadh, agus fágann sé an choill gan duilliúr, agus cluintear «Glóir!» ó gach aon neach ina theampall. |
| 10 |
| Tá an Tiarna ina rí os cionn na díleann. Tá an Tiarna ina rí go brách. |
| 11 |
| Tabharfaidh an Tiarna neart dá phobal; beannóidh sé a phobal le síocháin. |
|
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish/psalms/029.mp3
150
29