Bíobla Naofa 1981
|
| 1 |
| 1 Salm Dháiví an uair a theith sé óna mhac Aibseálóm. 2 A Thiarna, nach líonmhar iad mo naimhde! Tá mórán daoine ag éirí amach i m' éadan! |
| 2 |
| 3 Is iomaí duine a deir mar gheall orm: «Níl slánú ar bith dó i nDia.» |
| 3 |
| 4 Ach is tú, a Thiarna, mo sciath; mo ghlóir a thógann mo cheann. |
| 4 |
| 5 Nuair a ghlaoim ar an Tiarna os ard tugann sé freagra orm óna shliabh naofa. |
| 5 |
| 6 Chuaigh mé a luí agus chodail mé; agus dhúisigh mé toisc gur chosain an Tiarna mé. |
| 6 |
| 7 Ní eagal liom na mílte daoine atá cruinnithe do gach leith i mo thimpeall. |
| 7 |
| 8a Éirigh, a Thiarna! Fóir orm, a Dhia! Óir buaileann tú mo naimhde uile sa phus agus briseann tú fiacla na bpeacach. |
| 8 |
| 8b A Thiarna an tslánaithe, beannaigh do mhuintir! |
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish/psalms/003.mp3
150
3