×

Bíobla Naofa 1981

Salm 30

1
a Tharrtháil ón mBás Salm 29
2
3 D' iarr mé cunamh ort, a Thiarna, agus rinne tú mo leigheas, a Dhia.
3
4 Thug tú m' anam as an uaigh, a Thiarna, shaor tú mé ón dream a ghabhann síos sa pholl.
4
5 A naomha an Tiarna, tugaigí moladh dó, gabhaigí buíochas lena ainm naofa.
5
6 Ní mhaireann a fhearg ach móimint na huaire; ach maireann a chineáltas ó aois go bás. Bítear ag gol san oíche agus ag gáire ar maidin.
6
7 Is é a dúirt mé trí mhéid mo mhuiníne: «Ní dhéanfar mo shuaitheadh go brách.»
7
8 Bhunaigh do ghrásta, a Thiarna, mar dhaingean sléibhe mé, ach cheil tú do ghnúis orm gur fágadh faoi scéin mé.
8
9 Is ortsa, a Thiarna, a ghlaoigh mé, chun Dé a chuir mé m' achainí. «Cén tairbhe mo bhás má ghabhaim sa pholl?
9
10 An molfaidh an deannach thú: an bhfoilseoidh sé do dhílse?»
10
11 Éist, a Thiarna, go trócaireach; tar, a Thiarna, i gcabhair orm.
11
12 Rinne tú rince de mo chaoineadh dom, a Thiarna; bhain tú díom mo rónéadach agus chrioslaigh tú le háthas mé,
12
13 i dtreo go seinnfidh m' anam do mholtaí gan staonadh. A Thiarna, a Dhia liom, molfaidh mé go brách thú.
Irish Bible 1981
An Sagart 1981 Úsáidtear le cead
:
Sábháil Nótaí