×

Bíobla Naofa 1981

Salm 32

1
Mascail Dháiví. Is méanar dár maitheadh a choir; dár folaíodh a pheaca; Salm 31
2
an té nach gcuireann an Tiarna cion ina leith, ' s nach bhfuil cealg ina chroí.
3
Bhí mé i mo thost, agus chríon mo chnámha; bhínn ag osnaíl gach lá,
4
Óir gach uile lá agus oíche ba throm orm do lámh. Go deimhin, bhí mo neart á thrá mar a bheadh le teas an tsamhraidh.
5
Ach cheana, d' admhaíos mo pheaca duit agus níor cheil mé m' urchóid. Dúirt mé: «Admhóidh mé anois mo choir don Tiarna.» Agus thug tú maithiúnas dom ansin: mhaith tú mo pheaca dom.
6
Guífidh gach neach diaga thú, dá bhrí sin, in am an éigin. Nuair a bhrúchtfaidh na tuilte móra ní thiocfaidh siad i ngar dó.
7
Is tú m' áit fholaigh, a Thiarna, do m' fhuascailt ó m' anacair; cuireann tú gártha fuascailte thart timpeall orm.
8
Tabharfaidh mé teagasc agus múinfidh mé an tslí is triallta duit. Tabharfaidh mé comhairle agus eolas duit; coimeádfaidh mé súil ort.
9
Ná bígí mar an each ná an mhiúil, gan chiall gan tuiscint. Mura gcoisctear le béalbhach agus srian iad ní thiocfaidh siad i do chóngar.
10
Is líonmhar iad dóláis na n-éagráifeach, ach tá trocaire agus grá ag an té a mbíonn a dhóchas sa Tiarna.
11
Déanaigí lúcháir agus gairdeas sa Tiarna, a fhíréana uile. Déanaigí aoibhneas agus áthas a lucht an chroí dhírigh.
Irish Bible 1981
An Sagart 1981 Úsáidtear le cead
:
Sábháil Nótaí