1
1 [Salm de chuid] Dáiví nuair a lig sé air bheith as a mheabhair i bhfianaise Aibímeilic nuair a chuir seisean an ruaig air. 2 Beannóidh mé an Tiarna i dtólamh beidh a mholadh i mo bhéal i gcónaí. Salm 33
2
3 Bíonn m' anam ag déanamh mórtais as an Tiarna: éistfidh daoine ísle agus beidh áthas orthu.
3
4 Móraigí an Tiarna mar aon liom: tugaimis adhradh dá ainm in éineacht.
4
5 Bhí mé ag lorg an Tiarna agus d' éist sé liom agus d' fhuascail sé ó m' eagla go léir mé.
5
6 Féachaigí chuige agus loinnir oraibh ' s na bíodh luisne na náire in bhur leicne.
6
7 Nuair a scairt an t-ainniseoir seo d' éist an Tiarna, agus shaor sé óna chúngaigh go léir é.
7
8 Bíonn aingeal an Tiarna i gcampa thart ar lucht a eaglaithe, á bhfuascailt.
8
9 Blaisigí is féachaigí a fheabhas atá an Tiarna: is aoibhinn dá dtagann faoina dhídean.
9
10 A dhaoine naofa an Tiarna, bíodh a eagla oraibh; ní bhíonn díth ar an dream lenarb eagal é.
10
11 Bíonn easpa agus ocras ar leoin óga: ní bhíonn aon easpa ar lucht iarrtha an Tiarna.
11
12 Téanaigí, a chlann ó, agus éistigí liom go múinfidh mé eagla an Tiarna daoibh.
12
13 Cé hé an duine a shantaíonn an bheatha? agus fad saoil faoi shéan is faoi shonas?
13
14 Coinnigh do theanga ón olc agus do bhéal ó bhriathra éithigh.
14
15 Seachain an t-olc agus déan an mhaith; bí ag lorg na síochána agus lean di.
15
16 Bíonn súile an Tiarna ar na fíréin agus tugann sé aird ar a n-achainí.
16
17 Iompaíonn an Tiarna ó lucht déanta an oilc d' fhonn a gcuimhne a scriosadh den talamh.
17
18 Éisteann an Tiarna nuair a ghlaonn na fíréin air: fuasclaíonn sé óna gcúngaigh go léir iad.
18
19 Bíonn an Tiarna i ngar don lucht coscartha agus tarrthaíonn sé an dream atá do-mheanmnach.
19
20 Is iomaí sin buairt ar an bhfíréan, ach fuasclaíonn an Tiarna orthu uile é;
20
21 cosnaíonn sé a chnámha go léir; ní bhrisfear oiread is aon cheann amháin acu.
21
22 Tiománfaidh an t-olc an t-éagráifeach chun a bháis, agus daorfar lucht fuatha an fhíréin.
22
23 Fuasclaíonn an Tiarna anamacha a shearbhóntaí: ní dhaorfar a dtéann faoina choimirce.
Irish Bible 1981
An Sagart 1981 Úsáidtear le cead