×

Bíobla Naofa 1981

Salm 36

1
1 Do stiúrthóir an chóir. [Salm le] Dáiví, giolla an Tiarna. 2 Labhraíonn an urchóid leis an bpeacach i ndiamhair a chroí. Ní choimeádann sé eagla Dé os comhair a shúl. Salm 35
2
3 Cuireann sé ina luí ar a aigne nach eol do dhaoine an choir atá déanta aige agus nach fuath leo í.
3
4 Tá urchóid agus cealg ina bhéal níl ciall aige don mhaith.
4
5 Meabhraíonn sé mioscais agus mallaitheacht ina luí ar a leaba dó. Gabhann sé i slí nach maith agus ní shéanann sé an t-olc.
5
6 Sroicheann do bhuanghrá na flaithis, a Thiarna, agus do dhílse na néalta. Tá d' fhíréantacht mar shléibhte Dé:
6
7 do bhreithiúnas mar an duibheagán. Tugann tú dídean don duine is don bheithíoch.
7
8 A Thiarna, nach luachmhar é do bhuanghrá! Agus tagann an Ádhamhchlann ag triall ort go ngabhann faoi scáth do sciathán.
8
9 Líontar le méitheas do thí iad tugann tú deoch dóibh as abhainn d' aoibhneas,
9
10 óir is leatsa atá foinse na beatha; agus i do sholas-sa a fheicimid an solas.
10
11 Bíodh grá agat de shíor do lucht d' adhartha, agus cothromas do lucht an chroí dhírigh.
11
12a Ná gabhadh an díomasach de chosa orm: ná caitheadh lámh an drochdhuine amach mé.
12
12b Féach mar a leagadh lucht déanta na hurchóide; tá siad ar lár agus ní fhéadann éirí.
Irish Bible 1981
An Sagart 1981 Úsáidtear le cead
:
Sábháil Nótaí