Bíobla Naofa 1981
|
| 1 |
| 1 Do stiúrthóir an chóir,.i. do «Iduthun». Salm le Dáiví. 2 Dúirt mé: «Tabharfaidh mé aire do mo shlite sula ndéana mé peaca le mo theanga. Cuirfidh mé srian le mo bhéal nuair a bheidh an t-éagráifeach os mo choinne.» Salm 38 |
| 2 |
| 3 Bhí mé balbh agus d' fhan mé i mo thost, bhí éad orm de dheasca a rathúnais. |
| 3 |
| 4 Bhí mo chroí go te ionam istigh; las tine de bhladhm ar mo mhachnamh dom, agus leis sin labhair mo theanga. |
| 4 |
| 5 Foilsigh dom, a Thiarna, mo chríoch dhéanach, nocht dom líon mo laethanta, ionas gurab eol dom neamhbhuaine an tsaoil. |
| 5 |
| 6 Is gairid an seal a thug tú dom, is neamhní mo ré shaoil i d' fhianaise. Níl i neach dá maireann ach puth anála |
| 6 |
| 7 agus gabhann an duine seacha mar scáil. Gal gaoithe a shaibhreas go léir; ní fios dó cé a gheobhaidh ar chruinnigh sé. |
| 7 |
| 8 Cad fáth dom bheith ag feitheamh, a Thiarna? is ionat atá mo dhóchas ar fad. |
| 8 |
| 9 Saor mé ó mo chionta go léir, ná tabhair mé mar cheap magaidh don amadán. |
| 9 |
| 10 Bhí mé i mo thost; níor oscail mé mo bhéal de bhrí gur tusa faoi deara é. |
| 10 |
| 11 Tóg uaim anois do sciúirse; tá mé cloíte ag buillí do láimhe. |
| 11 |
| 12 An uair a smachtaíonn tú an duine le hachasán i ngeall ar a pheaca leánn tú mar leamhan an ní is luachmhar leis; níl in aon neach ar bith ach puth anála. |
| 12 |
| 13 Éist le mo ghuí agus le m' urnaí, a Thiarna, ná tabhair cluas bhodhar do mo ghlao. Óir is aoi mé atá ag baint fúm agatsa i m' oilithreach ar nós m' aithreacha go léir. |
| 13 |
| 14 Lig dom, go bhfaighe mé aoibhneas sula dté mé faoi dheoidh ar ceal coiteann. |
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish/psalms/039.mp3
150
39