×

Bíobla Naofa 1981

Salm 4

1
1 Do stiúrthóir an chóir; le gléasanna téad. Salm le Dáiví. 2 Éist liom is mé ag éamh ort, a Dhia na fíréantachta. D' fhuascail tú mé ó mo phianpháis, éist liom go trócaireach.
2
3 A fheara, cá fhad dom faoi mhíchlú agus náire, agus sibhse ag tabhairt taitnimh don bhaois is don éitheach?
3
4 Is é an Tiarna a roghnaíonn dó féin an duine diaga: éistfidh an Tiarna nuair a ghlaofaidh mé air.
4
5 Bíodh eagla oraibh; ná peacaigí, déanaigí machnamh in bhur leaba.
5
6 Déanaigí íobairtí córa, bíodh bhur ndóchas sa Tiarna agaibh.
6
7 Is iomaí duine á rá: «Cé a nochtfaidh nithe fónta dúinn? Ardaigh solas do ghnúise os ár gcionn, a Thiarna.»
7
8 Is mó a chuir tusa d' aoibhneas i mo chroí ná iad siúd de bharr flúirse aráin agus fíona.
8
9 Rachad a luí faoi shuaimhneas: déanfad codladh go sámh, óir is tú amháin, a Thiarna, a choimeádann ó bhaol mé.
Irish Bible 1981
An Sagart 1981 Úsáidtear le cead
:
Sábháil Nótaí