1
1 Do stiúrthóir an chóir. Salm le Dáiví. A Salm 39
2
3 Tharraing sé mé as díog na díthe, as láib an bhogaigh; chuir sé mo chosa ina seasamh ar charraig agus dhaingnigh mo choiscéimeanna.
3
4 Chuir sé amhrán nua i mo bhéal: duan dár nDia. Feicfidh a lán é agus beidh eagla orthu, agus beidh a ndóchas sa Tiarna acu.
4
5 Is aoibhinn don té a chuireann a dhóchas sa Tiarna; an té nach gcloíonn le huaibhrigh ná le déithe bréige.
5
6 Nach iomaí sin éacht a rinne tú, a Thiarna is mo Dhia! Níl aon neach inchurtha leatsa sna comhairlí a cheap tú dúinn. Dá mb' áil liom a n-insint nó a n-áireamh rachadh a gcomhaireamh díom.
6
7 Íobairt ná ofráil níor thoil leat, ach d' oscail tú mo chluasa. Uileloscadh ná íobairt pheaca níor theastaigh uait;
7
8 ach féach, dúirt mé: «Seo ag teacht mé! i rolla an leabhair tá sé scríofa fúm
8
9 go ndéanfainn do thoilse. A Dhia, is áil liom do dhlí i ndiamhair mo chroí.»
9
10 Rinne mé d' fhíréantacht a fhógairt sa chomhdháil mhór. Cosc níor chuir mé le mo bhéal mar is eol duit, a Thiarna.
10
11 Níor fholaigh mé d' fhíréantacht i mo chroí ach d' fhógair mé do chabhair dhílis; níor cheil mé do bhuanghrá ná do fhírinne ar an gcomhdháil mhór.
11
A Thiarna, ná coinnigh do thruamhéil uaim go brách. Go ndéana do bhuanghrá agus d' fhírinne mo chaomhnú choíche. 12
12
13 Tá mórán olc i mo thimpeall, oilc gan áireamh. Tá mé chomh mór sin i ngreim ag mo chionta nach bhfeicim dada; ní lia ribí mo chinn ná iad agus teipeann mo mhisneach orm.
13
14 Go mba toil leat, a Thiarna, mé a fhuascailt; brostaigh, a Thiarna, agus cabhraigh liom.
14
15 Go raibh náire agus ceann faoi ar gach aon neach ar a bhfuil fonn mo mharaithe; go gcuirtear ar gcúl faoi náire a bhfuil ag dréim le mo mhilleadh.
15
16 Go ndalltar le náire an drong a deir liom: «Há! há!»
16
17 Go ndéana a mbíonn ar do lorg ríméad agus gairdeas ionat. Go ndeire an dream lenarb áil do chúnamh: «Moladh leis an Tiarna!»
17
18 Cé gur dealbh agus gur dearóil mise déanann an Tiarna cúram díom. Is tú mo chabhair agus m' fhuascailteoir; ná moilligh, a Dhia liom.
Irish Bible 1981
An Sagart 1981 Úsáidtear le cead