Bíobla Naofa 1981
|
| 1 |
| Saint chun Dé agus chun a Theampaill Salm 41 |
| 2 |
| 3 Tá cíocras chun Dé ar m' anam chun Dé bheo; cá huair a thiocfaidh mé go bhfeicfidh mé gnúis mo Dhé. |
| 3 |
| 4 Is iad mo dheora is bia dom de lá agus d' oíche nuair a fhiafraítear díom in aghaidh an lae: «Cá bhfuil do Dhia?» |
| 4 |
| 5 Ar na nithe seo a dhéanaim mo mhachnamh nuair a chuirim mo racht díom: mar a ghluaisinn i dtosach an tslua ag triall ar theach Dé dom, le gártha gairdis agus molta i ndáil fleá agus féile. |
| 5 |
| 6 Cén fáth a bhfuil tú buartha, a anam liom, faoi mhíshuaimhneas istigh ionam? Cuir do dhóchas i nDia; molfaidh mé go fóill é; mo shlánaitheoir agus mo Dhia é. |
| 6 |
| 7 Tá m' anam go buartha istigh ionam, is ort a bhím ag cuimhneamh ó thír na Iordáine, ó Hearmón, agus fós ó Shliabh Mizeár. |
| 7 |
| 8 Glaonn na duibheagáin ar a chéile le torann do chuid easanna. Tagann do thonnta agus do thuilte go léir ina gcaisí anuas orm. |
| 8 |
| 9 Bronnfaidh an Tiarna a bhuanghrá orm de lá agus canfaidh mé ceadal san oíche do Dhia mo bheo. |
| 9 |
| 10 Deirim le Dia, mo charraig, cén fáth a ndearna tú dearmad orm? Cad chuige dom triall go dobrónach is mo namhaid do mo chrá? |
| 10 |
| 11 Le hachasáin a bhaineann fáscadh as an gcroí agam tarcaisníonn mo naimhde mé, á rá liom gan stad in aghaidh an lae: «Cá bhfuil do Dhia?» |
| 11 |
| 12 Cén fáth a bhfuil tú buartha, a anam liom, faoi mhíshuaimhneas istigh ionam? Cuir do dhóchas i nDia; molfaidh mé go fóill é; mo shlánaitheoir agus mo Dhia é. |
|
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish/psalms/042.mp3
150
42