×

Bíobla Naofa 1981

Salm 43

1
Salm 42 Cosain mé a Dhia, agus agair mo chúis in aghaidh lucht na héagráifeachta. Ó lucht an fhill agus na hurchóide saor mé, (a Dhia).
2
Óir is tú mo dhídean, a Dhia, cén fáth ar theilg tú uait mé? Cén fáth a bhfuilim ag triall go dobrónach agus mo namhaid do mo chiapadh?
3
Cuir chugam do sholas agus d' fhírinne, go ndéana siad mo threorú do mo thionlacan faoi dhéin do chnoic naofa, faoi dhéin do phailliúin.
4
Triallfaidh mé ar altóir Dé, ar Dhia is cúis áthais dom; agus déanfaidh mé do mholadh ar an gcruit a Dhia, ón, a Dhia liom!
5
Cén fáth a bhfuil tú buartha, a anam liom, faoi mhíshuaimhneas istigh ionam? Cuir do dhóchas i nDia; molfaidh mé go fóill é; mo shlánaitheoir agus mo Dhia é.
Irish Bible 1981
An Sagart 1981 Úsáidtear le cead
:
Sábháil Nótaí