Bíobla Naofa 1981
|
| 1 |
| 1 Do stiúrthóir an chóir. [Salm] chlann Chorach. Leis an bhfonn «Na Maighdeana?» Amhrán. 2 Is dídean dúinn Dia, agus is é ár neart é: is é ár gcúnamh go dearfa é le linn ár n-anacra. Salm 45 |
| 2 |
| 3 Dá bhrí sin ní eagal linn má luascann an talamh agus go gcaitear na sléibhte i gceartlár na mara, |
| 3 |
| 4 fiú amháin má bhíonn a huisce ag coipeadh ' s ag fiuchadh, agus na sléibhte á suaitheadh ag neart na dtonnta. [Tá Tiarna na Slua inar bhfochair: is daingean dúinn Dia Iacóib.] Selah |
| 4 |
| 5 Cuireann caisí na habhann lúcháir ar chathair Dé, ionad naofa agus áras cónaithe an Neach is Airde. |
| 5 |
| 6 Tá Dia ina lár, ní féidir í a bhogadh; tiocfaidh Dia i gcabhair uirthi le fáinne an lae. |
| 6 |
| 7 Tógtar clampar i measc na gciníocha, baintear croitheadh as ríochtaí, toirníonn seisean lena ghlór agus leánn an talamh. |
| 7 |
| 8 Tá Tiarna na Slua inár bhfochair, is daingean dúinn Dia Iacóib. |
| 8 |
| 9 Téanam agus feiceam oibreacha an Tiarna, na héachtaí móra a rinne sé ar talamh. |
| 9 |
| 10 Cuireann sé cosc le cogaí ar fud na cruinne: briseann sé boghanna agus smiotann sé sleánna, loisceann sé sciatha agus carbaid le tine. |
| 10 |
| 11 «Éistigí! bíodh a fhios agaibh gur mise is Dia ann, in ardréim ar na ciníocha, in ardréim ar talamh.» |
| 11 |
| 12 Tá Tiarna na Slua inár bhfochair, is daingean dúinn Dia Iacóib. Selah |
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish/psalms/046.mp3
150
46