Bíobla Naofa 1981
|
| 1 |
| 1 Do stiúrthóir an chóir. Salm chlann Chorach. 2 Buailigí bhur mbosa, a chiníocha uile; glaoigí ar Dhia le gártha gairdis! Salm 46 |
| 2 |
| 3 Óir is ard é an Tiarna agus is uamhnach, ina ardrí os cionn na cruinne. |
| 3 |
| 4 Cuireann sé ciníocha faoinár smacht agus cuireann sé náisiúin faoinár gcosa. |
| 4 |
| 5 Is uaidh a fuaireamar ár n-oidhreacht; oidhreacht Iacóib dá dtugann sé grá. |
| 5 |
| 6 Gabhann Dia in airde le gártha molta; gabhann sé in airde le séideadh an stoic. |
| 6 |
| 7 Seinntear ceol dár nDia, seinntear ceol dó; seinntear ceol dár Rí, seinntear ceol dó! |
| 7 |
| 8 Is é Dia rí na cruinne go léir; seinnigí agus canaigí go hoilte dó! |
| 8 |
| 9 Tá Dia ina rí ar na náisiúin; tá sé ina shuí ar a ríchathaoir naofa. |
| 9 |
| 10 Cruinníonn taoisigh na gciníocha i gceann a chéile; i bhfochair phobal Dhia Abrahám. Óir is le Dia lucht rialaithe na cruinne; is aige atá an chumhacht go hiomlán. |
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish/psalms/047.mp3
150
47