×

Bíobla Naofa 1981

Salm 48

1
1 Amhrán. Salm chlann Chorach. 2 Is éachtach an Tiarna agus is inmholta go mór é i gcathair ár nDé. Salm 47
2
3 Is álainn an cnoc é a shliabh naofa, áthas an domhain uile. Is é Cnoc Shíón de leith an tuaiscirt cathair an ArdRí.
3
4 Chruthaigh Dia i lár a dúnta bheith ina dhaingean sábháilte.
4
5 Óir féach! chruinnigh na ríthe le chéile gur ionsaigh siad in éineacht.
5
6 Chuir a bhfaca siad anbhá agus alltacht orthu; rinneadh stangairí díobh le neart mearbhaill.
6
7 Tháinig crith cos is lámh orthu láithreach, amhail tinneas clainne;
7
8 mar a bheadh an ghaoth anoir ag milleadh loingeas Thairsís.
8
9 Mar a chualamar, is amhlaidh a chonaiceamar i gcathair ár nDé; i gcathair Thiarna na slua a dhaingnigh Dia go deo.
9
10 Déanaimid machnamh ar do bhuanghrá, a Dhia, i gceartlár do theampaill.
10
11 Leathann do mholadh, ar nós d' ainm, a Thiarna, go críocha na cruinne. Is lán do dheaslámh d' fhíréantacht;
11
12 gairdíonn Cnoc Shíón. Tá áthas ar iníonacha Iúdá de bharr do bhreithiúnais.
12
13 Siúlaigí Síón agus triallaigí ina timpeall comhairigí a túir.
13
14 Breathnaigí a rampair chosanta; scrúdaigí a dúnfoirt, go n-inseoidh sibh don ghlúin atá le teacht:
14
15 is mar sin dár nDia. Is é ár nDia é go brách na breithe agus ár dtreoraí go deo.
Irish Bible 1981
An Sagart 1981 Úsáidtear le cead
:
Sábháil Nótaí