1
Do stiúrthóir an chóir. Salm chlann Chorach. Salm 48
2
2 Éistigí, a chiníocha go léir, tugaigí cluas, a áitritheoirí na cruinne, 3 íseal agus uasal in éineacht, saibhir agus daibhir le chéile.
3
4 Labhróidh mo bhéal briathra ciallmhara; is lán mo chroí de thuiscint.
4
5 Claonfaidh mé mo chluas le fáthscéal, sceithfidh mé mo rún leis an gcláirseach.
5
6 Cén fáth a mbeadh eagla orm lá an oilc agus mioscais lucht ceilge i mo thimpeall
6
7 dream a mbíonn a ndóchas ina saibhreas agus a mhaíonn as méid a maoine?
7
8 Ní thig le haon duine é féin a fhuascailt ná éiric a anama a dhíol le Dia;
8
9 is ródhaor aige éiric a anama.
9
10 Ní thig leis síorbheatha a cheannach le súil nach bhfeice sé an uaigh.
10
11 Feiceann sé an saoi agus an daoi ar lár agus a maoin ag daoine eile ina ndiaidh.
11
12 Tuamaí is dídean dóibh go brách, a n-árais chónaithe ó ghlúin go chéile cé go mbíodh a n-ainm in airde sa tír.
12
13 Óir ní buan é séan an duine; is cosúil é leis na beithígh a théann ar ceal.
13
14 Slí na baothmhuiníne a slí siúd, críoch na droinge lenarb áil a maoin. Tiomáintear iad mar chaoirigh chun na huaighe
14
15 mar a ndéanfaidh an bás a n-aoireacht agus mar a gcuirfear faoi smacht na bhfíréan iad. Imeoidh a dtaibhse ar maidin; san uaigh a bheidh a n-áras acu feasta.
15
16 Ach saorfaidh Dia m' anamsa ar ifreann an uair a ghlacfaidh sé chuige féin mé.
16
17 Ná bíodh eagla ort má éiríonn duine saibhir; má mhéadaíonn ar mhaoin a theaghlaigh.
17
18 Nuair a éagfaidh sé ní bhéarfaidh sé dada leis, ná ní rachaidh a rachmas chun na huaighe leis.
18
19 Cé gur bhreá leis a shaol fad a mhair sé «maífidh gach aon neach mo shéanmhaireacht»
19
20 rachaidh sé i bhfochair a shinsear nach bhfeicfidh an solas go brách.
20
21 Óir ní buan é séan an duine; is cosúil é leis na beithígh a théann ar ceal.
Irish Bible 1981
An Sagart 1981 Úsáidtear le cead