×

Bíobla Naofa 1981

Salm 5

1
1 Do stiúrthóir an chóir. Le gaothuirlisí. Salm le Dáiví. 2 Tabhair cluas do mo bhriathar, a Thiarna, agus éist le m' osna.
2
3 Claon chun glór mo ghuí, a Rí liom is a Dhia!
3
4 Óir is chugatsa a chuirim m' urnaí, a Thiarna; éisteann tú liom ar maidin. Ag faire is ag feitheamh dom ar maidin, cuirim chugat mo ghuí.
4
5 Ní Dia tú lenarb áil an urchóid: ní mhaireann an t-olc leat.
5
6 Ní sheasfaidh an scaothaire an fód os comhair do shúl.
6
7 Is gráin leat lucht oibrithe an oilc; scriosann tú lucht éithigh. Is fuath leis an Tiarna an fear fuilteach agus an cealgaire claon.
7
8 Rachadsa cheana i do theachsa trí líonmhaire do thrócaire; cromfaidh mé i do theampall naofa le heagla romhat, a Thiarna.
8
9 Treoraigh mé a Thiarna, i d' fhíréantacht mar gheall ar mo naimhde; réitigh do shlí romham.
9
10 Níl an fhírinne le fáil ina mbéal; tá cealg ina gcroí. Is uaigh ar leathadh a gcraos; is mealltach a dteanga.
10
11 Agair do bhreithiúnas orthu, a Thiarna; go dteipe ar a mbearta; cuir an ruaig orthu de dheasca a gcionta óir d' éirigh siad i d' éadan.
11
12 Bíodh áthas ar chách a ritheann chugat; gairdídís go brách; caomhnaigh an dream lenarb áil d' ainm chun go ndéana siad gairdeas ionat.
12
13 Óir beannóidh tú an fíréan, a Thiarna; beidh do chineáltas amhail sciath ina thimpeall.
Irish Bible 1981
An Sagart 1981 Úsáidtear le cead
:
Sábháil Nótaí