|
| 1 |
|
| Salm Ásáf. Labhair an Tiarna is é Dia na ndéithe é agus ghair sé chuige an chruinne. Salm 49 |
|
| 2 |
|
| As Síón a shoilsigh Dia le barr scéimhe; |
|
| 3 |
|
| Tháinig ár nDia amach, ní fhanfaidh sé ina thost. Gluaisfidh tine chraosach roimhe amach agus anfa gaoithe ina thimpeall. |
|
| 4 |
|
| Fágfaidh sé a fhianaise ar neamh agus ar talamh go dtabharfaidh sé breithiúnas ar a phobal: |
|
| 5 |
|
| «Cruinnigí mo phobal naofa i mo láthair a cheangail mo chonradh le híobairt.» |
|
| 6 |
|
| Foilsíonn na flaithis a fhíréantacht óir is é Dia é féin is breitheamh. |
|
| 7 |
|
| «Éistigí, a phobal liom, labhróidh mé, tabharfaidh mé fianaise i do choinne, a Iosrael; óir is mise is Dia ann do Dhiasa. |
|
| 8 |
|
| Ní de bharr d' íobairtí a cháinim thú: bíonn do loiscíobairtí i mo láthair de shíor. |
|
| 9 |
|
| Ní ghlacfaidh mé le tarbh ó do theach ná le pocaide gabhair de do thréada. |
|
| 10 |
|
| Óir is liom ainmhithe uile na coille agus na mílte beithíoch ar mo shléibhte. |
|
| 11 |
|
| Is aithnid dom éanlaith an aeir agus is liom a ngluaiseann sa mhachaire. |
|
| 12 |
|
| Dá mbeadh ocras orm ní duitse a inseoinn é, óir is liom an domhan agus a bhfuil ann. |
|
| 13 |
|
| An dóigh leat go n-ithimse feoil tarbh? An measann tú go n-olaimse fuil gabhar? |
|
| 14 |
|
| Toirbhir íobairt an bhuíochais do Dhia díol do mhóideanna leis an Té is Airde. |
|
| 15 |
|
| Glaoigh orm ansin in am na hanacra; saorfaidh mé thú agus tabharfaidh tú urraim dom.» |
|
| 16 |
|
| Ach is é a deir Dia leis an bpeacach: «Cén ceart atá agatsa mo dhlí a fhógairt agus lán béil a dhéanamh de mo chonradh? |
|
| 17 |
|
| Ó tharla gur fuath leat mo dhlí agus go ndéanann tú neamhní de mo bhriathra? |
|
| 18 |
|
| Nuair a fheiceann tú gadaí téann tú i bpáirt leis agus gabhann tú i gcomhar le lucht adhaltranais. |
|
| 19 |
|
| Tugann tú do bhéal don olc agus cumann tú bréaga le do theanga. |
|
| 20 |
|
| Tugann tú míchlú do bhráthar i do shuí duit, tromaíonn tú ar mhac do mháthar féin. |
|
| 21 |
|
| Déanann tú amhlaidh, agus an mbeidh mise i mo thost? An dóigh leat gurb é do dhálasa agamsa é? Táim do do cheartú agus do do chúisiú. |
|
| 22 |
|
| Aire daoibh, a lucht dearmadta Dé; sula mbéarfainn oraibh is gan fear bhur dtarrthála ann; |
|
| 23 |
|
| an té a ghabhann buíochas mar íobairt, is é sin an té a thugann urraim dom; agus don té a mhaireann gan cháim taispeánfaidh mé slánú Dé.» |
|
|
|
|