Bíobla Naofa 1981
|
| 1 |
| 1 Do stiúrthóir an chóir. Mascil de chuid Dháiví 2 nuair a tháinig Doéig an tEadómach chuig Sól á rá leis: «Chuaigh Dáiví isteach i dteach Aichímeilic.» 3 Cad chuige duit bheith ag maíomh as do mhioscais, a ghaiscígh na hurchóide? Salm 51 |
| 2 |
| 4 Déanann tú uisce faoi thalamh feadh an lae, agus faobhar ar do theanga mar rásúr géar, a chealgaire ghlic. |
| 3 |
| 5 Is ansa leat an t-olc ná an mhaitheas, an t-éitheach ná an fhírinne. |
| 4 |
| 6 Is áil leat an uile chaint dhíobhálach, a theanga na camastaíola. |
| 5 |
| 7 Uime sin déanfaidh Dia do scriosadh agus do mhilleadh go deo. Sracfaidh sé as do bhoth amach thú agus bainfidh sé amach ó fhréamh thú as talamh na mbeo. |
| 6 |
| 8 Feicfidh na fíréin is beidh eagla orthu; beidh siad ag gáire faoi, á rá: |
| 7 |
| 9 «Sin é an fear nár mhian leis go mbeadh Dia ina dhaingean aige, ach a chuir a dhóchas in iomad a mhaoine agus a neart ina choirpeacht.» |
| 8 |
| 10 Ach bímse mar úrchrann olóige in áras Dé; ' s tá mo dhóchas i ndilghrá Dé go brách agus choíche. |
| 9 |
| 11 Tabharfaidh mé buíochas duit go deo de bharr a ndearna tú, agus fógróidh mé feabhas d' ainmse i bhfianaise na bhfíréan. |
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish/psalms/052.mp3
150
52