×

Bíobla Naofa 1981

Salm 53

1
Do stiúrthóir an chóir. Leis an bhfonn «Mahalat». Mascil Dháiví. Salm 52
2
2 Deir an t-amadán ina chroí: «Níl aon Dia ann.» Tá siad truaillithe; déanann siad gníomhartha gránna; níl aon duine maith ann. 3 Breathnaíonn an Dia ó neamh ar chlann na ndaoine go bhfeice sé an bhfuil tuiscint ag aon duine nó an iarrfaidh sé Dia.
3
4 Chuaigh siad uile ar seachrán; truaillíodh iad uile, níl neach ann a dhéanfadh an mhaith, níl oiread is duine.
4
5 An ea nach bhfuil ciall ag lucht an oilc? Slogann siad mo phobal go díreach mar a shlogfaí arán. Ní ghlaonn siad ar Dhia.
5
6 Beidh siad ar crith le heagla gan aon chúis eagla acu. Óir scaip Dia cnámha do lucht ionsaithe; tugadh a náire agus dhiúltaigh Dia dóibh.
6
7 Á, go dtaga slánú Iosrael as Síón amach! Nuair a chasfaidh an Tiarna an rath ar a phobal beidh áthas ar Iacób agus gairdeas ar Iosrael.
Irish Bible 1981
An Sagart 1981 Úsáidtear le cead
:
Sábháil Nótaí