Bíobla Naofa 1981
|
| 1 |
| 1 Do stiúrthóir an chóir. Ar théada ceoil. Mascil Dháiví 2 nuair a tháinig muintir Zíf ag triall ar Shól á rá leis: «Féach, tá Dáiví i bhfolach inár measc.» 3 Slánaigh mé a Dhia, le d' ainm; déan mo chúis a agairt le do neart. Salm 53 |
| 2 |
| 4 Éist, a Dhia, le m' urnaí, tabhair cluas do bhriathra mo bhéil. |
| 3 |
| 5 Óir d' éirigh lucht an díomais amach i m' éadan, agus tá daoine gan trua ar thóir m' anama; níl aird dá laghad acu ar Dhia. Selah |
| 4 |
| 6 Féach! tá Dia ag teacht i gcabhair orm; tá an Tiarna ag coinneáil an dé ionam. |
| 5 |
| 7 Fillfidh an t-olc ar mo naimhde; díothaigh iad as ucht do dhílse. |
| 6 |
| 8a Déanfaidh mé íobairt duit, a Thiarna, go fonnmhar, agus molfaidh mé d' ainm toisc gur maith é. |
| 7 |
| 8b Óir d' fhuascail tú ón uile thrioblóid mé ionas go bhfaca mé mo naimhde á dtreascairt. |
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish/psalms/054.mp3
150
54