Bíobla Naofa 1981
|
| 1 |
| Do stiúrthóir an chóir. Leis an bhfonn «Yonat Elem Rehoqim». Mictam le Dáiví nuair a bhí sé ina chime ag an Filistínigh i nGat. Salm 55 |
| 2 |
| 2 Bí trócaireach liom, a Dhia, óir déantar leatrom orm; imrítear ansmacht orm in aghaidh an lae. 3 Gabhann mo naimhde de chosa ionam i gcónaí, is iomaí duine a bhíonn ag troid liom go huaibhreach. |
| 3 |
| 4 Nuair is eagal liom is ort atá mo sheasamh, |
| 4 |
| 5 ar Dhia dá dtugaim moladh as ucht a bhriathair. As Dia atá mo mhuinín gan eagla, Cad a fhéadfaidh fuil is feoil a dhéanamh dom? |
| 5 |
| 6 Cuireann siad mo bhriathra as a ríocht i gcónaí; níl de rún acu ach dochar a dhéanamh dom. |
| 6 |
| 7 Tionólann siad le chéile in oirchill orm; téann siad ar mo lorg le fonn mo mharaithe. |
| 7 |
| 8 [Cúitigh] a n-urchóid leo, a Dhia, déan na ciníocha a chloí i do chuthach. |
| 8 |
| 9 Choinnigh tú cuntas ar mo chuid seachrán; tá mo chuid deor i dtaisce i do bhuidéal; nach bhfuil siad arna mbreacadh i do leabhar? |
| 9 |
| 10 Cuirfear mo naimhde ar gcúl an uair a ghlaofaidh mé ort, óir is eol dom anois go bhfuil Dia liom. |
| 10 |
| 11 As Dia, dá dtugaim moladh as ucht a bhriathair, |
| 11 |
| 12 as Dia atá mo mhuinín gan eagla; cad a fhéadfaidh fuil is feoil a dhéanamh dom? |
| 12 |
| 13 Tá mé faoi cheangal na móideanna a rinne mé duit; toirbhreoidh mé íobairtí buíochais duit, a Dhia, |
| 13 |
| 14 toisc gur tharrthaigh tú m' anam ón mbás agus choinnigh tú mo chosa ó thuisliú, ionas go siúlfainn i bhfianaise Dé, is go mbainfinn aoibhneas as solas na mbeo. |
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish/psalms/056.mp3
150
56