×

Bíobla Naofa 1981

Salm 57

1
1 Do stiúrthóir an chóir. Leis an bhfonn «Ná scrios». Mictam Dháiví nuair a theith sé isteach san uaimh ó Shól. 2 Bíodh trua agat dom, a Dhia, bíodh trua agat óir is ort atá tarraingt m' anama. Ar scáth do sciathán atá mo thriall nó go dtéann an anachain seo tharam. Salm 56
2
3 Glaoim ar Dhia, an Neach is Airde: ar Dhia a chabhraíonn liom de shíor.
3
4 Go gcuire sé cabhair chugam ó neamh do mo shaoradh; go dtuga sé náire do lucht mo thóraíochta, go gcuire Dia chugam a bhuanghrá agus a dhílse.
4
5 Tá m' anam ina luí i measc leon a d' alpfadh an Ádhamhchlann ina gcraos. Is sleánna agus saigheada a bhfiacla, is cosúil a dteanga le géarchlaíomh.
5
6 Éirigh in airde, a Dhia, os cionn na bhflaitheas; bíodh do ghlóir os cionn an domhain go léir!
6
7 Chuireadar eangach i bhfearas do mo chosa; rinneadar mé a ísliú. Thochail siad clais romham amach; ach thit siad féin inti.
7
8 Tá mo chroí go daingean, a Dhia; tá mo chroí go daingean. Canfaidh mé agus seinnfidh mé do mholtaí.
8
9 Múscail, a anam liom! Músclaígí, a chláirseach is a chruit! Músclóidh mé féin an maidneachan.
9
10 Gabhfaidh mé buíochas leat idir na ciníocha, a Thiarna: molfaidh mé thú i measc na náisiún.
10
11 Óir síneann do bhuanghrá chun na bhflaitheas agus do dhílse chun na spéartha.
11
12 Éirigh in airde, a Dhia, os cionn na bhflaitheas; bíodh do ghlóir os cionn an domhain go léir.
Irish Bible 1981
An Sagart 1981 Úsáidtear le cead
:
Sábháil Nótaí