Bíobla Naofa 1981
|
| 1 |
| 1 Do stiúrthóir an chóir. Leis an bhfonn «Ná Scrios». Mictam Dháiví. 2 An í an fhíréantacht a fhógraíonn sibh a lucht na cumhachta? an é an ceartbhreithiúnas a thugann sibh ar chlann na ndaoine? Salm 57 |
| 2 |
| 3 Ní hé; óir beartaíonn sibh éagóir in bhur gcroíthe agus is amhlaidh a imríonn sibh an lámh láidir ar talamh. |
| 3 |
| 4 Chuaigh na hurchóidigh ar seachrán fiú amháin ó bhroinn a máthar; lucht éithigh ar an bhfán iad ón uair a saolaíodh iad. |
| 4 |
| 5 Is cosúil a nimh le nimh nathrach nimhe; le nimh na nathrach a chalcann a cluasa |
| 5 |
| 6 d' eagla go gcluinfeadh sí glór an mhealltóra nó glór an draíodóra ag imirt a chuid draíochta. |
| 6 |
| 7 Déan a bhfiacla a bhriseadh ina mbéal, a Dhia; stoith amach cúilfhiacla na leon, a Thiarna. |
| 7 |
| 8 Go gceiliúra siad amhail uisce a shníonn le fána, go bhfeo siad amhail féar nuair a bhuailtear cos air. |
| 8 |
| 9 Go leá siad amhail seilide a ndéantar sláthach de, amhail toircheas anabaí nach bhfaca riamh an ghrian. |
| 9 |
| 10 Sula dtéitear bhur gcorcáin le teas na ndriseog sciobfar chun siúil iad, idir ghlas agus chríon. |
| 10 |
| 11 Beidh ríméad ar an bhfíréan nuair a fheicfidh sé an díoltas agus nífidh sé a chosa i bhfuil na n-urchóideach. |
| 11 |
| 12 Déarfar: «Dar go deimhin gheobhaidh an fíréan luach saothair; tá Dia ann go dearfa a thugann breithiúnas ar talamh.» |
|
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish/psalms/058.mp3
150
58